Páirceáil i gCathair na Gaillimhe - Ceisteanna Coitianta
Príomhfheithiclí agus Feithiclí Tánaisteacha
'Mo Fheithiclí'
Nuair a chruthaíonn tú cuntas, beidh uimhir chlárúcháin na feithicle a chuireann tú isteach mar do Phríomh-Reg.
Chun seisiúin pháirceála iolracha a chruthú ag an am céanna don fheithicil chéanna, is féidir leat reg tánaisteach a úsáid. Téigh chuig 'Mo Fheithiclí' chun feithiclí tánaisteacha a chur le do chuntas, nuair a chuirtear leis é, is féidir leat aon cheann de d'fheithiclí a roghnú le linn an phróisis pháirceála.
Má cheannaigh tú ticéad míosúil nó laethúil ag baint úsáide as do phríomhchlár, agus más gá duit páirceáil in áit eile i rith na míosa nó an lae, is féidir leat an clár feithicle céanna a chur le do chuntas mar fheithicil thánaisteach agus dul ar aghaidh leis seo.
1. Cé na Modhanna Íocaíochta atá ann maidir le Páirceáil i gCathair na Gaillimhe?
Íoc ar an Aip
- Íodlódáil an aip Galway City Parking le haghaidh iOS nó Android ón siopa aipeanna a úsáideann tú de ghnáth.
-
Oscail an aip agus roghnaigh d’ionad páirceála.
-
Déan de réir na dtreoracha ar an scáileán le tréimhse ama agus an fheithicil atá i gceist a roghnú.
-
Is féidir íoc ar an bpáirceáil le cárta dochair nó le cárta creidmheasa.
- Is féidir íoc ar an bpáirceáil ar bhonn aon bhabhta amháin, nó mar dhuine a bhfuil cuntas agat.
Íoc ar Líne
- Téigh chuig GalwayCityParking.ie
- Roghnaigh ‘Carr a Pháirceáil’ ón bpríomh-roghchlár agus lean na treoracha ar an scáileán.
- Is féidir íoc ar an bpáirceáil le cárta dochair nó le cárta creidmheasa.
- Is féidir íoc ar an bpáirceáil ar bhonn aon uair amháin, nó mar dhuine a bhfuil cuntas agat.
Íoc ar an bhFón
- Íoc ar an bhFón – glaoigh ar 0818 300 161;
Íoc in Ionaid Mhiondíolacháin Payzone
- Is féidir íoc le hairgead tirim nó le cárta i gceann den 34 ionad miondíolacháin Payzone i gCathair na Gaillimhe.
- Féach an liosta iomlán ar Shuíomh Gréasáin Payzone
Meaisíní Íoc agus Taispeáin
- Is féidir íoc le hairgead tirim nó le cárta ag ceann den 90 meaisín Íoc & Taispeáin i gCathair na Gaillimhe
- Féach na háiteanna ina bhfuil meaisín Í&T ar láithreán gréasáin Chathair na Gaillimhe.
2. An féidir an aip Galway City Parking a úsáid i gCarrclós de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Is féidir leas a bhaint as an aip maidir le páirceáil sna carrchlóis seo a leanas:
- Sráid an Mhuilinn
- Bóthar na Díge
- Ardeaglais na Gaillimhe
- Bóthar Shandair
3. An mbeidh athrú ar na Táillí Páirceála?
Fanfaidh na táillí páirceála mar atá.
Ní ghearrtar aon táille as an aip ‘Galway City Parking’ nó GalwayCityParking.ie a úsáid
4. An féidir Íoc ar Pháirceáil le hAirgead Tirim?
Is féidir íoc le hairgead tirim ag ionad miondíolacháin Payzone nó ag meaisín Íoc & Taispeáin (féach mioneolas thuas).
5. An ngearrtar Táille ar an Aip a úsáid?
Ní ghearrtar aon táille ar an aip ‘Galway City Parking’ nó GalwayCityParking.ie a úsáid le híoc ar pháirceáil
6. An féidir Leas a bhaint as aon Aip eile le hÍoc ar Pháirceáil?
Tá ionaid pháirceála Chathair na Gaillimhe ar fáil anois freisin ar aip Payzone nó aip Park Magic ag daoine a bhfuil na haipeanna sin in úsáid acu cheana féin.
Tugtar chun aire go mbeidh táillí rialta de-réir-na-húsáide nó táille in aghaidh na míosa á ngearradh mar is gnáth.
7. Tá trioblóid agam le Mo Chuntas / Íocaíocht – An bhfuil Cúnamh ar fáil maidir leis an gcuntas?
Beidh Cúnamh don Chustaiméir ar fáil ar 0818 300 161 nó ar Parking@Payzone.ie ag duine ar bith den lucht úsáide a mbíonn deacracht aige le híocaíocht nó leis an aip.
Ná fág an carr gan íocaíocht ina leith – dá dtarlódh ar chúis ar bith nach féidir leat aip ‘Galway City Parking’ nó GalwayCityParking.ie a úsáid, íoc le do thoil ar do chuid páirceála ag ionad miondíolacháin Payzone nó ag meaisín Íoc & Taispeáin.
Má bhíonn deacracht le meaisín Íoc & Taispeáin, labhair le do thoil le seirbhís don chustaiméir i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536 400
8. An féidir liom tuilleadh ama a chur le mo shocrú páirceála atá ar tí dul in éag?
Is féidir leat costas páirceála eile a phróiseáil ar an aip ‘Galway City Parking’ nó GalwayCityParking.ie
Breathnaigh le do thoil ar na comharthaí sráide nó ar Fhodhlíthe Rialú Páirceála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le heolas faoin tréimhse is faide cead páirceála in aon ionad faoi leith.
9. Tá an Crios Contráilte íoctha agam – Céard a dhéanfaidh mé anois?
Ar an gcéad dul síos, déan an pháirceáil a phróiseáil arís sa chrios ceart.
Glaoigh ansin ar an bhfoireann cúnta in Park Magic ar 0818 300 161 agus iarr aisíoc ar an íocaíocht a deineadh sa chrios contráilte.
10. Caithfidh mé mo Charr a bhogadh, ach tá am fós fanta ar an ticéad Páirceála a d’íoc mé
Ní rachaidh an íocaíocht ar aip Galway City Parking nó ar GalwayCityParking.ie in éag go mbíonn an tréimhse sin caite agus tá glacadh leis an íocaíocht in aon chrios eile ar an táille céanna nó ar tháille níos ísle go dtí an tráth sin.
Níl glacadh leis an gcéad íocaíocht in ionad lena mbaineann táille páirceála níos airde.
11. Cén chaoi a mbeidh a fhios ag an Maor go bhfuil Íoctha agam ar mo chuid Páirceála?
Tá ríomhaire láimhe ag na Maoir Phobail ar a seiceáiltear sonraí Clárúcháin Feithiclí atá páirceáilte i limistéar páirceála Íoc & Taispeáin.
12. An bhféadfaidh mé mo chuid Sonraí Cuntais a Athrú?
Is féidir do chuid sonraí pearsanta, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist san áireamh, a athrú trí logáil isteach ar do chuntas ar an aip Galway City Parking nó ar GalwayCityParking.ie
13. Ní hé an gnáthcharr atá agam inniu, céard is gá dom a dhéanamh?
Logáil isteach ar do chuntas féin ar an aip ‘Galway City Parking’ nó GalwayCityParking.ie
Oscail an rogha maidir le Feithiclí a Bhainistiú, agus cuir sonraí faoin gcarr isteach.
Nuair a bhíonn idirbheart páirceála á phróiseáil agat, is féidir leat an carr atá á pháirceáil agat a roghnú.
14. Fuair mé Ticéad Páirceála maidir le tréimhse a bhí íoctha agam ar Pháirceáil – Céard is ceart dom a dhéanamh?
Má fuair tú ticéad páirceála maidir le tráth a raibh íocaíocht ar pháirceáil déanta agat ina leith, le do thoil:
-
Seiceáil cén cion a luaitear – Is féidir ticéad páirceála a eisiúint faoi chionta éagsúla, maidir le mótarcháin, páirceáil mhídhleathach agus eile. Seiceáil an ‘neamhíocaíocht’ an chúis atá leis an ticéad.
-
Glaoigh ar an meitheal chúnta ar 0818 300 161.
Treoróidh an mheitheal tríd an gcuid eile den phróiseas thú agus cuirfidh siad cáipéisíocht ar fáil duit a léiríonn gur íoc tú ar an bpáirceáil.
-
Is féidir eolas breise faoi íocaíocht / achomharc a fháil ar an ticéad páirceála.
15. An féidir an aip / suíomh gréasáin a úsáid le híoc ar Chead Páirceála d’Áitritheoir, do Chuairteoir nó do Chúramóir?
Ní féidir. Breathnaigh le do thoil ar GalwayCity.ie chun eolas a fháil faoin gcaoi chun cur isteach ar chead páirceála d’áitritheoir, cuairteoir nó cúramóir.
16. An gá dom Fón Póca a bheith agam?
Is féidir aip ‘Galway City Parking’ a fheistiú ar ghléas so-iompair ar bith nó ceangal le GalwayCityParking.ie Beidh ceangal le Wi-Fi nó le líonra ag teastáil le híoc ar pháirceáil.
17. An bhfuil mo chuid sonraí slán?
- Cuirtear téacs le chéile faoi pholasaí príobháideachta, GDPR,
-
Deimhnítear an comhaontú maidir le malartú sonraí atá sínithe leis na soláthraithe
-
Níl aon mhodh íocaíochta chomh slán leis an aip a íoslódáil agus a choinneáil cothrom le dáta.
-
Ní úsáideann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cóid QR maidir le híoc ar pháirceáil.
Is féidir eolas a fháil faoin modh ina láimhseálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe do chuid sonraí, breathnaigh le do thoil ar an ráiteas faoi phríobháideacht.
Galway City Parking FAQs
Primary and Secondary Vehicles
My Vehicles
When you create an account, the vehicle registration number you enter will become your Primary Reg.
To create multiple parking sessions at the same time for the same vehicle, you can use a secondary reg.
Go to ‘My Vehicles’ to add secondary vehicles to your account, once added you can select any of your vehicles during the parking process.
If you have purchased a monthly or daily ticket using your primary reg, and you need to park in another location during the month or day, you can add the same vehicle reg to your account as a secondary vehicle and proceed using this.
1. How Can I Pay for Parking in Galway City?
Pay by App
- Download the Galway City Parking app for iOS or Android from your usual app store.
-
Open the app and select your parking location.
-
Follow the on-screen instructions to select a duration and the vehicle you are parking.
-
You can pay for parking with a debit or credit card.
-
You can pay for parking on a one-off basis, or as an account holder.
Pay Online
-
Visit GalwayCityParking.ie
-
Select ‘Park my Car’ from the main menu and follow the on-screen steps.
-
You can pay for parking with a debit or credit card.
-
You can pay for parking on a one-off basis, or as an account holder.
Pay by Phone
-
Pay by Phone – call 0818 300 161;
Pay in Payzone Retail Outlets
-
You can pay by cash or card in 34 Payzone retail outlets in Galway City.
-
View the full list on the Payzone website
Pay and Display Machines
-
You can pay for parking with cash or card at one of the 90 Pay and Display machines in the City
-
View the locations of P&D machines on the Galway City website
2. Can I use the Galway City Parking App in Galway City Council Car Parks?
Yes, you can use the app to pay for parking in:
-
Mill Street
-
Dyke Road
-
Cathedral
-
Bowling Green
3. Will Parking Charges Change?
Yes, parking charges will remain the same.
There are no charges to pay using the Galway City Parking app or GalwayCityParking.ie
4. Can I Pay for Parking with Cash?
You can pay with cash at Payzone retail outlets or at Pay and Display machines (see details above).
5. Is there a Charge to use the App?
There are no charges for using the Galway City Parking app or paying for parking on GalwayCityParking.ie
6. Can I Use Any Other App to Pay for Parking?
For existing Payzone or Park Magic app users, Galway City parking locations are now also available within those apps.
Please note that regular pay-as-you-go or monthly fees will apply as usual.
7. I’m having trouble with My Account/ Payment – Is there any Account Support?
Customer Support will be available on 0818 300 161 or at Parking@Payzone.ie for any users having issues with payment or the app.
Do not leave your car unpaid – if for any reason you can’t use the Galway City Parking app or GalwayCityParking.ie, please pay for parking using a Payzone retail outlet or a Pay and Display machine.
For issues with the Pay and Display machines, please contact Galway City Council customer services at 091 536 400
8. Can I top up my parking if it is about to expire?
You can process another parking transaction on the Galway City Parking app or GalwayCityParking.ie.
Please see on-street signage or the Galway City Council Parking Control Bye Laws for information on maximum parking times in any one location.
9. I’ve paid for the Wrong Zone – What do I Do?
First process the parking again for the correct zone.
Then call the support team in Park Magic on 0818 300 161 to request a refund for the payment for the wrong zone.
10. I need to move my Car, but I still have time on my Parking
Your payment on the Galway City Parking app or GalwayCityParking.ie will be valid until your payment expires in any other zone with an equal or lower parking charge.
Your payment will not cover you in areas with a higher parking charge.
11. How does the Warden know I’ve Paid for Parking?
Community Wardens use their handheld computers to check the Vehicle Registration details of cars/ vehicles parked in Pay and Display areas.
12. Can I Change My Account Details?
You can update your personal details including phone number and email address by logging into your account on the Galway City Parking app or on GalwayCityParking.ie
13. I am driving a different car today, what do I need to do?
Log into your account on the Galway City Parking app or GalwayCityParking.ie
Open the ‘Vehicle Management’ option, and add the details of the car.
When you process a parking translation, you can select which car you are parking.
14. I Received a Parking Ticket for a time when I paid for Parking – What do I do?
If you receive a parking ticket and had paid for your parking, please:
-
Check the offense – Parking tickets can be issued for offences including out of date tax and illegal parking. Check that the ticket is for ‘non-payment’.
-
Call our support team on 0818 300 161.
They will guide you through the rest of the process and provide you with documentation to show you paid for parking.
-
More information on payment/ appeals can be found on the parking ticket.
15. Can I use the app/ website to pay for Residents, Visitors or Carer’s Parking Permits?
No, please see GalwayCity.ie for information on applying for residents, visitors or carers permits.
16. Do I Have to Have a Mobile Phone?
You can install the Galway City Parking app, or access GalwayCityParking.ie on any mobile device. You will need a connection to Wi-Fi or a network to pay for parking.
17. Is my data secure?
-
Most secure way to pay is to download the app and keep it up to date
-
Galway City Council does not use QR codes for paid parking.
For information on how Galway City Council handles your data, please see our privacy statement.